Oistéairtríteas
Creimeadh an ailt, a tharlaíonn den chuid is mó i ndaoine atá os cionn 50 bliain d'aois. Bíonn suas le 80% de na daoine seo buailte leis. Sa ghnáthalt, bealaítear gluaisne le sreabhán sionóibhiach, a dhéantar sna fíocháin loingeánacha ag cinn na gcnámh. Sa ghalar seo meathann an loingeán, teipeann an sreabhán sionóibhiach, agus tagann aon ghluaisne le bheith an-teoranta an-phianmhar. Is iad na hailt — ailt na glúine, an chromáin is an chnámh droma — a iompraíonn an t-ualach is mó, is mó a chráitear le hoistéairtríteas, agus is éislinní daoine a dhéanann an-chuid oibre déine leis seo ná éinne eile. Is féidir ailt shaorga a ionchlannú go rathúil sa chromán is an ghlúin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Oistéairtríteas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 495.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |