Tugtar gráisciúlacht, nó graostacht nó na focail ghraosta, ar na focail ghnáthchainte a bhfuil baint acu le cúrsaí na collaíochta, agus iad á seachaint i gcaint mhúinte. Sa Ghaeilge, bíonn sé deacair ag an bhfoghlaimeoir tuiscint cheart a fháil ar an gcuid seo den teanga, ós rud é nach mbíonn lucht na bhfoclóirí sásta iad a chur i míotar. Dá réir sin, is minic a bhaineann foghlaimeoirí úsáid as leaganacha Gaelaithe de na focail Bhéarla, agus iad amscaí go leor. Sampla samhlachúil de seo is ea an briathar feisigh/feisiú nach bhfuil bunús ar bith leis sa teanga thraidisiúnta: is dócha go bhfuil sé bunaithe ar cheann de na seach-chialla (cohabitation, wedlock) a luaitear leis an bhfocal feis i bhfoclóir Uí Dhuinnín. I bhfoclóir Uí Dhónaill, cuirtear an nod Lit: leis an bhfocal feis sa chiall sexual cohabitation, rud a chiallaíonn nach mbaineann an bhrí sin leis an bhfocal céanna ach i litríocht na Nua-Ghaeilge Clasaicí, agus nach féidir súil a bheith agat leis an gciall sin i nGaeilge na Gaeltachta ón bhfichiú haois.

*&*#$%@#

Is í an úsáid is minicí a bhaintear as an bhfocal feisigh inniu ná feisigh leat, is é sin, imigh leat, bailigh leat, gread leat, croch leat; agus is léir gur iarracht é seo leis an teilgean cainte Béarla úd fuck off a aistriú go Gaeilge. Sa Ghaeilge, is féidir úsáid a bhaint as an bhfocal Béarla féin: focáil leat, ach is amhlaidh go bhfuil sin ciotach freisin. De ghnáth san am atá thart, áfach, ní dheachaigh lucht na Gaeilge i muinín na gráisciúlachta le mallacht a chur ar dhaoine, ach i dteilgeanacha cainte de chineál eile, cosúil le spréadh ort (leagan Ultach den spré, is é sin, ainm briathartha den bhriathar spréigh atá ann), nó, go díreach, mallacht ort. D'fhéadfaí droch-chríoch ort a rá freisin.

Maidir leis na focail ghráisciúla sa Ghaeilge, is dócha go bhfuil geis áirithe ar an bhfocal striapach, a chiallaíonn "bean a mbíonn caidreamh collaí aici ag fir éagsúla", "bean choiteann", "meirdreach". Aithníonn an foclóir Ó Ghlíomáil go Giniúint an teilgean cainte an t-ainm mór a thabhairt ar bhean, is é sin, ainm na striapaí a thabhairt uirthi.

Féach freisin

cuir in eagar
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy