An chill aibí atáirgthe bhaineann in ainmhithe is plandaí. Sna hardainmhithe, is mó í ná an chill atáirgthe fhireann, an speirm, mar tá sí lán de bhia stóráilte, agus doghluaiste. Chun teacht le bheith aibí cilldeighleann an bhunchill, an t-ubhán, trí phróiseas a dtugtar méóis air. Scarann na díseanna crómasóm óna chéile agus cruthaítear dhá fho-chill, dhá ubh aibí, is leath na gcrómasóm i ngach ceann. Nuair a thoirchíonn an speirm an ubh seo, bíonn líon iomlánaithe na gcrómasóm san ubh, agus tosaíonn an ubh thoirchithe ag cilldeighilt trí phróiseas a dtugtar miotóis air. Sa chás seo atáirgtear na crómasóim go léir roimh an gcilldeighilt, ionas go mbíonn an líon iomlán díobh sa dá fho-chill. Ar an mbealach seo méadaíonn na cealla ina bhfíocháin. Tarlaíonn próisis den saghas céanna i bplandaí.[1]

Ubhán
  1. Hussey, Matt (2011). "Ubhán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 686.
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy