Leon Neil Cooper
Cuma
Fisiceoir a rugadh i Nua-Eabhrac ba ea Leon Neil Cooper (28 Feabhra 1930 – 23 Deireadh Fómhair 2024). Shaothraigh sé teoiric ar iompar díseanna leictreon (díseanna Cooper) in ábhair áirithe ag teochtaí ísle, a chuidigh go mór chun teoiric BCS (Bardeen-Cooper-Schrieffer) na forsheoltachta a shaothrú níos déanaí. Roinn sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1972 le John Bardeen is Robert Schrieffer as.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Leon Neil Cooper". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 170.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |