Content-Length: 155257 | pFad | http://ga.wikipedia.org/wiki/Frank_Feighan

Frank Feighan - Vicipéid Jump to content

Frank Feighan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrank Feighan

(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Iúil 1962
62 bliana d'aois
Mainistir na Búille, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Sligeach–Liatroim

Seanadóir na hÉireann
8 Meitheamh 2016 –
Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


Seanadóir na hÉireann
12 Meán Fómhair 2002 – 24 Bealtaine 2007
Téarma parlaiminte: 22ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata


X: FrankFeighan Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach é Frank FeighanProinsias Ó Fiacháin i nGaeilge (a rugadh ar an 4 Iúil 1962). Ball d'Fhine Gael atá ann. Bhí sé ina TD do Ros Comáin-Deisceart Liatroma.[1] Toghadh i dtoghchán ginearálta 2007 é. Roimhe sin bhí sé ina bhall den 22ú Seanad.[2]

Sa bhliain 2006 ghlac sé páirt i seó de chuid RTÉ, You're a Star, chun airgead a bhailiú do charthanas do pháistí.

Sa bhliain 2007 ceapadh mar leas-urlabhraí an pháirtí d'Iompar agus Oideachas é. I mí Iúil 2010, roghnaigh Enda Kenny Feighan mar urlabhraí Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.[3]

Bhí go leor daoine míshásta le ceapadh Feighan mar urlabhraí Gaeltachta, mar ní raibh Gaeilge ar bith aige. Dúradh gur maslach an rud duine gan Ghaeilge a cheapadh mar Aire Gaeltachta, rud a rinneadh roimhe sin nuair a ceapadh Síle de Valera agus Michael Ring roimhe seo agus nuair a cheap Charles Haughey é féin ina Aire Gaeltachta. Dúirt Feighan go raibh sé ag foghlaim na teanga agus go raibh sé in ann a chuid oibre a chur i gcrích mar bhí Kenny agus an leas-urlabhraí Dinny McGinley as Gaoth Dobhair ag cabhrú leis.[4]

Toghadh é mar TD in 2007, 2011 agus 2020. Níor ghlac sé páirt san Olltoghchán 2016.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Mr. Frank Feighan". Oireachtas Members Database. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Deireadh Fómhair 2010. Dáta rochtana: 5 Lúnasa 2010.
  2. "Frank Feighan". ElectionsIreland.org.
  3. "Bruton & Noonan return to Fine Gael frontbench". RTÉ News.
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-04-29. Dáta rochtana: 2010-08-05.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]








ApplySandwichStrip

pFad - (p)hone/(F)rame/(a)nonymizer/(d)eclutterfier!      Saves Data!


--- a PPN by Garber Painting Akron. With Image Size Reduction included!

Fetched URL: http://ga.wikipedia.org/wiki/Frank_Feighan

Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy