Content-Length: 87992 | pFad | http://ga.wikipedia.org/wiki/Margaret_Mac_Curtain

Margaret Mac Curtain - Vicipéid Jump to content

Margaret Mac Curtain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMargaret Mac Curtain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1929
Bás2020
90/91 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreStair na mban
Gairmscríbhneoir, gníomhaí ar son chearta na mban, gníomhaí ar son chearta an duine, staraí, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste Bhostúin Cuir in eagar ar Wikidata
Ord crábhaidhDoiminicigh
Gradam a fuarthas

Siúr Dhoiminiceach, staraí, scríbhneoir, oide agus feiminí Éireannach ab ea Maighréad Ní ChurtáinMargaret Mac Curtain (17 Bealtaine 19295 Deireadh Fómhair 2020).[1][2][3]

Bhí gníomhréim acadúil dhearscnaitheach ag Maighréad agus d'fhoilsigh sí réimse fairsing ábhar i réimse na staire, tionchar na mban i gcomhthéacs na staire agus ról na mban in Éirinn ach go háirithe.

Rugadh Margaret Mac Curtain sa bhliain 1929 i gCorcaigh. B'iad Seán agus Ann Mac Curtáin a tuismitheoirí. Bhain sí céim BA amach in Ollscoil na hÉíreann i gCorcaí agus chuaigh sí isteach san Ord Doiminiceanach, agus an tSr Benvenuta mar ainm oird uirthi.

Ba sí gníomhach i mbunú Choláiste Sinsir Bhaile Formaid agus ba í an chéad phríomhoide ar an scoil sin agus bhí sí ina prióir ar Chlochar Chnoc Síon i mBaile Átha Cliath.[4]

Bhain sí Ph.D amach sa bhliain 1964 agus sa bhliain chéanna thosaigh sí ag obair sa Roinn Staire i gColaiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Bhí sí ansin go ndeachaigh sí ar scor i 1994. Bhí sí ina hollamh chomh maith i Scoil an Léınn Éireannaigh ó 1972 go 1989.[4]

Idir na blianta 1968-1973 b'é a héacht nó mórghníomh ná foilsiú na sraitheanna leabhar staire faoi chlúdach bog 'History of Ireland' le Gill & McMillan. Rinne sí comheagarthóireacht le James Lydon, ar an tsraith faoi Stair na hÉireann agus scríobh sí Tudor and Stuart Ireland. I gcomhar le Mark Tierney, scríobh sí The Birth of Modern Ireland (1969) a bhíodh ina théacsleabhar ag lucht na hArdteiste.

Bhí Ollúnacht Burns sa Léann Éireannach i gColáiste Boston aici ó 1992 go 1993. Bronnadh bonn óir Chumann Ghaeil Bhostúin uirthi i 1993 as a saothar ar stair mhná na hÉireann.[4] 

Í féin agus Donnchadh Ó Corráin a rinne eagarthóireacht ar Women in Irish Society: the Historical Dimension (1978). I measc na saothar eile dá cuid tá – Women in Early Modern Ireland, From Dublin to New Orleans: Nora and Alice’s Journey to America 1888, Grace Gifford Plunkett and Irish Freedom (2000) agus Ariadne’s Threads: Writing Women into Irish History.[4]

Rinne Mac Curtain obair ar thuarascáil Treoir 2000 faoin mbail a bhí ar an nGaeilge ag deireadh an 20ú haois.[4]

  • The Birth of Modern Ireland (1969)
  • Tudor and Stuart Ireland (1972)
  • Women and Irish Society: The Historical Dimension (1978)
  • The Gill History of Ireland series (1980)
  • Women in Early Modern Ireland (1992)
  • From Dublin to New Orleans: Nora and Alice's Journey to America 1888 (1995)
  • Grace Gifford Plunkett and Irish Freedom (2000)
  • Ariadne's Threads: Writing Women into Irish History (2009)

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]








ApplySandwichStrip

pFad - (p)hone/(F)rame/(a)nonymizer/(d)eclutterfier!      Saves Data!


--- a PPN by Garber Painting Akron. With Image Size Reduction included!

Fetched URL: http://ga.wikipedia.org/wiki/Margaret_Mac_Curtain

Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy