Sinéad Burke
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1990 33/34 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Airde | 1.04 m |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí, blagálaí, dearthóir faisin |
Ghlac sé/sí páirt i | |
22 Eanáir 2019 | Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019 |
23 Eanáir 2018 | Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2018 |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | sinead-burke.com |
Is scríbhneoir agus scoláire í Sinéad Burke a rugadh i mBaile Átha Cliath.
Fuair sí a céim mar mhúinteoir bunscoile as an hInstitiúid Oideachais Marino. Bhuaigh sí an bonn Vere Foster mar bhí sí ar bharr an ranga. Rinne sí PhD i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar an oideachas i gcearta daonna, go háirithe ag féachaint ar conas a thugann scoileanna glór do pháiste. Tá díocas uirthi chun guth a thabhairt dóibh sin a bhí gan ghlór. D'oibrigh sí le Foras na Gaeilge chun focal nua a chur síos ar “duine nach sroicheann gnáthairde an duine fásta mar gheall ar riocht sláinte ar nós abhcachta”: duine beag.[1][2][3][4] I mí an Mhárta 2017, thug Burke léacht TED faoina saol mar dhuine beag agus na dúshláin atá le sárú aici i rith a saoil laethúil.[5]
Tá an dúshuim aici i gcúrsaí faisin ó bhí sí óg agus cruthaíonn sí ilchineálacht i dtionscal an fhaisin go gníomhach ar na meáin shóisialta. Úsáideann sí na deiseanna seo chun a teachtaireacht a scaipeadh díreach chuig tithe an fhaisin.[6]
Is ambasadóir í ag Gasóga na hÉireann agus 'Irish Society for Prevention of Cruelty to Children' (ISPCC).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""little person"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-11-02.
- ↑ https://www.irishtimes.com/culture/heritage/the-irish-words-for-selfie-brexit-and-spam-1.3160155
- ↑ "‘Duine beag’ curtha le Téarma.ie tar éis moladh ó bhlagálaí aitheanta ar ‘duine beag’ í féin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-01.
- ↑ "FÍSEÁN: Scéal an ‘duine beag’ agus an fhoclóra Ghaeilge i measc bhuaicphointí an World Economic Forum in Davos" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-01.
- ↑ Sinéad Burke. "Why design should include everyone" (as en).
- ↑ "Ba dheacair Sinéad Burke a shárú mar réalta faisin is stíle in 2019" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-01.