Stéphane Mallarmé
Cuma
File Francach ab ea Étienne Mallarmé, nó Stéphane Mallarmé (1842 - 1898) mar is fearr aithne air. Do rugadh é an 18ú lá de Mhárta i bPáras agus do fuair sé bás an 9ú lá de mhí Mheán Fómhair i Valvains. Eisean a chuir tús le hathnuachan ar fhilíocht na Fraince sa dara leath den 19ú haois, rud a dhein sé le dánta ar nós 'sonnet en X' (1899) agus 'Un coup de dés jamais n'abolira le hasard' (1897). Tá a thionchar le feiscint fós sa lá atá inniu ann, mar shampla i bhfilíocht Yves Bonnefoy.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |