Jump to content

Aidan Gillen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAidan Gillen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Aibreán 1968
56 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht
Gairmaisteoir stáitse, aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1985 –
TeangachaBéarla
Teaghlach
SiblínFionnuala Murphy

IMDB: nm0318821 Allocine: 24193 Allmovie: p199057 IBDB: 112419 TMDB.org: 49735
Musicbrainz: 41f8011a-072a-404c-9e8c-a7936b662831 Discogs: 831197 Cuir in eagar ar Wikidata

Aisteoir Éireannach is ea Aidan Gillen (a rugadh mar Aidan Murphy ar 24 Aibreán 1968).

Tá iomrá aige mar gheall ar a rólanna mar Petyr "Littlefinger" Baelish sa tsraith HBO Game of Thrones (2011– 17), mar Tommy Carcetti sa tsraith HBO The Wire (2004– 08), mar Stuart Alan Jones sa tsraith Channel 4 Queer as Folk (1999-2000), mar John Boy sa chlár RTÉ Love/Hate (2010–11) agus mar ghníomhaire CIA, Bill Wilson, in The Dark Knight Rises (2012). Chomh maith leis sin, óstáil sé Other Voices ó shéasúr 10 go séasúr 13.

Tá trí Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann buaite aige [1] agus ainmníodh é do British Academy Television Award, do British Independent Film Award, agus do Ghradam Tony.[2]

1999
2010

Rugadh Gillen i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath. Bhí sé oilte ag Scoil Naomh Uinsionn i nGlas Naíon. Thosaigh sé a ghairm mar dhéagóir le Youth Theatre Ireland, ag imirt Nick Bun in A Midsummer Night's Dream sa Project Arts Centre sular bhog sé go Londain.[3]

Ghlac Gillen páirt mar Stuart Alan Jones sa tsraith theilifíse úrnua Channel 4 Queer as Folk agus ainmníodh Gillen don Aisteoir is Fearr sa British Academy Television Awards. Tugadh ardmholadh dó sa dráma Broadway Harold Pinter The Caretaker agus ainmníodh é do Ghradam Tony [4] Fuair sé ainmniúchán do ghradam amharclannaíochta Irish Times mar gheall ar a léiriú in American Buffalo le David Mamet (Amharclann an Gheata 2007).[5]

Sa bhliain 2008, moladh é mar "Laoch cultach Éireannach" sa Sunday Tribune. Sa bhliain 2009, Bhí páirt aige sa scannán 12 Babhtaí agus Freefall, dráma teilifíse de chuid an BBC . Bhí sé ina chomhréalta mar Phil Hendrick sa dráma Briotanach Thorne.

Sa bhliain 2011, thosaigh Gillen ag aisteoireacht sa tsraith HBO Game of Thrones mar Petyr "Littlefinger" Baelish. Sa bhliain sin, fuair sé a dara ainmniúchán Irish Film & Television Award.[6] Bhí páirt aige sa tsraith ó shéasúr a haon go séasúr a seacht nuair a fhaigheann a charachtar bás.[7] Bhí an phríomhpháirt aige sa choirscéinséir Briotanach Blitz mar dúnmharfóir srathach Barry Weiss agus sa scannán uafáis Wake Wood. Ba cheannasaí coireacht John Boy é Gillen sa tsraith Éireannach Love/Hate.[8]

Sa bhliain 2012, bhí páirt beag ag Gillen sa scannán The Dark Knight Rises mar gníomhaire CIA Bill Wilson[9], a chéad ról i Hollywood.[10] Dúirt Gillen gur bhain sé taitneamh as an ról ach gur fearr leis an priomhról i scannáin beaga ná páirt beag i mórscannáin. Sa bhliain chéanna, bhí an príomhpháirt aige sa dráma spiaire Shadow Dancer, agus fógraíodh é mar óstach an seó ceoil Other Voices.[11][12]

Ghlac Gillen páirt sa tsraith BBC Mayday sa bhliain 2013, agus sa scannán grinn Éireannach Cavalry sa bhliain dár gcionn.[13] Roinn sé ainmniúchán Screen Actors Guild Award le foireann aisteoirí Game of Thrones.

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Gillen Olivia O'Flanagan sa bhliain 2001. Bhí beirt leanaí acu, agus bhí cónaí orthu i nDaingean uí Chúis. Sa bhliain 2009, nuair a bhuaigh Gillen Irish Film and Television Award, thiomnaigh sé an gradam dá bhean chéile is a leanaí. Dúirt Gillen gur spreag siad é.[14][15]

In 2014, thosaigh Gillen ag dul amach leis an amhránaí Camille O'Sullivan.[16][17]

pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy