Jump to content

Aitéiné

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAitéiné

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbandia
dia Gréagach
dia Oilimpeach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Odaisé, Iliad, Na hAchainígh agus Hades Cuir in eagar ar Wikidata
Miotaseolaíochtcreideamh sa tSean-Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathadia an chogaidh, art deity (en) Aistrigh, dia na heagnaíochta agus dia na ceardaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
CónaitheOilimpeas Cuir in eagar ar Wikidata
BreithOilimpeas Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
MáthairMetis agus Coryphe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSéas Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíKorybantes (en) Aistrigh agus Hygieia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid dean Dáréag Oilimpeach Cuir in eagar ar Wikidata
Smachteagna, cogadh, fíodóireacht, potaireacht agus talmhaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
SiombailAthena statue at Elis (en) Aistrigh, Athena statue at Olympia (en) Aistrigh, Atena Carpegna (en) Aistrigh, Head of Athena Carpegna type, PMT 3 (en) Aistrigh, Statua di Athena Promachos (en) Aistrigh agus Athena Lemnia's head (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ComhionannMinéirve, Pallas agus Aëdon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is pearsa bainte le miotaseolaíocht na Gréige agus reiligiún na Sean-Ghréige í AitéinéAitéineAtaene (AthenaAthene as Béarla[1]) ón Ghréigis.

Ainmneacha Gréagacha ar Aitéiné:[2]

  • Ἀθηνᾶ, Athēnā, nó Ἀθηναία, Athēnaia (Gréigis na hAtaice)
  • Ἀθηναίη, Athēnaiē (Gréigis Eipiciúil)
  • Ἀθάνα, Athānā nó Athene (Gréigis Dhórach)
  • Ἀθήνη, Athēnē (Gréigis Iónach)

Is ainmfhocal dílis baininscneach í an t-ainm “Aitéiné”.[3]

Tugtar buafhocal Pallas (nó Palas) go minic uirthi. Tugadh Palas Aitéine uirthi.[4]

Ba í Aitéiné bandia an chogaidh, na heagnaíochta, na ceardaíochta, agus na n-ealaíon.[2]

Siombailí Aitéiné: clogad, sleá, Aegis le Meadúsa, crann ológ.

Ba iad Séas agus Metis a tuismitheoirí.[5] Mhaíonn foinsí éigin gur rugadh Aitéiné ó cheann Shéasa.[2]

Mhaíonn foinsí go raibh sí ina maighdean síoraí agus ní raibh aon chlann aici.

D'fhoghlaim Proiméitéas an tabhartas tine agus eolas eile ó Aitéiné do dhaoine.

Táthar dealbh chré-umha ollmhór Aitéiné le Cath Mharatóin a chomóradh. Táthar dealbh eile Aitéiné Lemnia freisin.

Ba siad dealbha a bhí ar an tAcrapolas i dtús báire.

Séadchomhartha ársa sa Ghréig is ea an Partanón (Gréigis: παρθενών / parthenón, 'áras na maighdin' .i. 'áras na hAitéiné'.[6] Tógadh an Partanón ar an tAcrapolas sa 5ú Céad R.C. in ómós an Bhandé Aitéiné, éarlamh chathairstát na hAithne agus rinneadh na fríosanna mar chuid de dhearadh an fhoirgnimh.[7]

Ba é an Partanón, teampall Ataene, an t-áras ba mhó sa chathairstát, agus dealbh Ataene a bhí timpeall ar 10 méadar ar airde in aice leis. Rinne an dealbh seo é Féidias.

Is í an Aithin, nó an Ataen (Gréigis: Αθήνα, Athína), príomhchathair na Gréige agus príomhbhaile réigiún na hAtaice. Baineann an t-ainm leis an mbandia Aitéiné, cosantóir na cathrach. Meastar go bhfuil baint idir ainm na cathrach agus an bandia Aitéiné.[8]

Bhí comórtas ann idir Aitéiné agus Poiséadón le haghaidh rialú na hAtaice. Bhuaigh Aitéiné rialú na hAtaice.

Ceaptar a bhfuil Aitéiné cosúil leis an Bhandé Rómhánach Minéirve.[9]

pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy