Jump to content

Baile an Bhóthair, Áth Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile an Bhóthair, Áth Cliath
Booterstown (en)
Baile an Bhóthair (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 18′ 31″ N, 6° 11′ 47″ O / 53.3087°N,6.1964°W / 53.3087; -6.1964
Stát ceannasachÉire
Contae riaracháin áitiúilDún Laoghaire-Ráth an Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie17491

Baile beag cois farraige ar imeall Bhaile Átha Cliath is ea Baile an Bhóthair[1] (Béarla: Booterstown). Baile fearainn agus paróiste sibhialta atá sa bhaile, agus é mar chuid de Dún Laoghaire-Ráth an Dúin. Seasann an baile seacht gciliméadar (4.3 míle) ó dheas ón ardchathair.

Tá Baile an Bhóthair suite ar bhruach Chuan Bhaile Átha Cliath in oirthear na tíre. Na bailte eile a bhfuil sé ag críochantacht leo ná Dumhach Thrá ó thuaidh i dtreo na cathrach, agus an Charraig Dhubh ó dheas i dtreo dheisceart an chontae. Trasnaíonn dhá bhóthar an baile, mar atá Bóthar Mhuirfean agus Bóthar na Carraige.

Tá dhá Ghaelcholáiste lonnaithe ann - Coláiste Eoin do bhuachaillí agus Coláiste Íosagáin do chailiní.

Cuireann Bus Átha Cliath seirbhís bhus agus Aircoach ar fáil do lucht an bhaile. Freastalaíonn Stáisiún Bhaile an Bhóthair ar rianta DART.

Tá Anaclann Dúlra Bhaile an Bhóthair suite ar riasc Bhaile an Bhóthair. Tearmann éan atá ann.

Fuair John McCormack bás ar 16 Meán Fómhair 1945 i mBaile an Bhóthair.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]


pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy