Jump to content

Charlie Lennon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCharlie Lennon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1938
Bás8 Meitheamh 2024
85/86 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, fidléir, pianódóir, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata

Fisiceoir, ríomheolaí agus ceoltóir traidisiúnta mór le rá ba ea Charlie Lennon (1938/1939 - 8 Meitheamh 2024).[1][2][3] Ba duine é a chuir go mór le forás agus le bisiúlacht an cheoil thraidisiúnta in Éirinn ón am a bhí sé ina ógfhear. Nuair nach raibh sé mar phríomhcheoltóir, bhí an-tóir air mar thionlacaí.

Ní gan ábhar a bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann stádas mar Ard-Ollamh ar an Leannánach in 2005, ní áirím Gradam Cumadóireachta TG4 a bronnadh air an bhliain dar gcionn.[4] Is beag ceoltóir traidisiúnta in Éirinn, má tá, nach bhfuil roinnt de na foinn a chum Charlie Lennon ina stór seanma féin acu.

I gCoillte Clochair i gCo Liatroma a rugadh Charlie Lennon agus dlúthchuid dá shaol a bhí sa cheol ó chrom sé ar bpianó agus ar an bhfidil a fhoghlaim nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois. Bhí meabhair chinn ag an mbuachaill agus faoi stiúir a mhúinteora Theresa Gilmartin bhí an barrghrád ar an bpianó bainte amach aige faoin am a bhí sé ceithre bliana déag.[2]

Bá é a dheartháir Ben a mhúin an fhidil dó agus thug sé neart ceoil leis de réir cluaise freisin, go háirithe ó cheirníní 78. Ina cheann sin, d’fhoghlaim sé an veidhlín chlasaiceach agus armóiní snagcheoil, agus bhí sé bainteach le bannaí céilí agus rince agus é fós ina dhéagóir – Banna Richard Fitzgerald agus Banna Easa Rua ina measc.

Saotharlann fisice, Ollscoil Learphoil

I 1960, thug Charlie aghaidh ar Ollscoil Learphoill. Fuair sé Ph.D san fhisic sa bhliain 1968. Chuaigh sé i bpáirt le Banna Céilí Learphoill nuair a bhí sé thall.

I 1966, phós sé an t-amhránaí sean-nóis Síle Ní Fhlaithearta as an Spidéal i gConamara agus d’fhill an lánúin ar Éirinn trí bliana ina dhiaidh sin. D'oibrigh sé le Aer Lingus ar dtús nuair a d'fhill sé.[5] Bhunaigh sé a chomlacht féin, CHL Software in 1986 agus bhí sé ina chonaí i mBinn Eadair le linn am ama seo.

Chuaigh sé ar scor in 1998 agus bhog sé go dtí Gaillimh.

85 bliain d'aois a bhí sé nuair a bhásaigh sé ar an 8ú Meitheamh 2024 in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Bhí sé pósta leis an amhránaí aitheanta sean-nóis Síle Tim Ní Fhlaithearta as an Spidéal.[6] Maireann a bhean Síle, triúr clainne agus clann a chlainne.[1]

I measc na bhfonn is aitheanta a chum Charlie Lennon i gcaitheamh na mblianta, tá an port The Flying Wheelchair, an cornphíopa Planxty Joe Burke agus an ríl Kilty Town.[2]

Chum sé saothair mhóra do cheolfhoirne chomh maith, mar atá, The Emigrant Suite (1984), Island Wedding (1991), The Famine Suite: flight from the hungry land (1996) agus Áille na hÁille in onóir óglaigh 1916 (2011).

I 1993, foilsíodh an leabhar Musical Memories ina bhfuil nodaireacht 30 fonn a chum sé.

D’oscail sé stiúideo taifeadta sa Spidéal, Stiúideo Cuan, i 1999.[6]

In 2007, eisíodh DVD ina dtugann sé cuntas ar shainteicníocht fidléireachta na hÉireann agus chuir sé Musical Memories 2 amach in 2013.

Bhí tionchar na seanfhidléirí as Sligeach Michael Coleman, James Morrison agus Paddy Killoran le brath i gcónaí ar a chuid ceoil. D’oibrigh mar thionlacaí pianó le ceoltóirí cosúil le Frankie Gavin, Joe Burke agus an cairdíneoir Johnny Óg Connolly (a rinne an t-albam Dusk till Dawn in éindí le Charlie Lennon in 2005).[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "Death Notice of Charlie Lennon (Spiddal, Galway) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-06-09.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2024-06-09). "An ceoltóir traidisiúnta mór le rá Charlie Lennon tar éis bháis" (as ga-IE). 
  3. "Charlie Lennon" (en-IE). Féile Oriel 2024. Dáta rochtana: 2024-06-09.
  4. "ITMA — Charlie Lennon" (en-US). Dáta rochtana: 2024-06-09.
  5. "Fiddler on the hoof" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-06-09.
  6. 6.0 6.1 "Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2024…" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-23). Dáta rochtana: 2024-12-23.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy