Jump to content

Coimhlint na Súdáine, 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCoimhlint na Súdáine, 2023
Íomhá
Map
 15° 36′ N, 32° 32′ E / 15.6°N,32.53°E / 15.6; 32.53
Cineáliarracht coup d'état
cogadh cathartha
coinbhleacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2019 Sudanese transition to democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse15 Aibreán 2023 - 
Dáta na bliana2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCartúm, An tSúdáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran tSúdáin Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna413 (22 Aibreán 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe3,000 (19 Aibreán 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Codanna


Bhris coimhlint amach idir dhá ghrúpa sa tSúdáin i mí Aibreáin 2023, idir 'Fórsaí Armtha na Súdáine', mar dhea, agus na 'Fórsaí Mear-Thacaíochta'.[1] Rialtas míleata a bhí i gcumhacht sa tSúdáin agus imreas agus iomaíocht idir cheannaire agus leascheannaire na tíre ba shiocair leis an gcoimhlint.[2] Ní raibh ann ach iarracht ag na ginearáil ar chumhacht a ghabháil chucu féin.[3]

Le linn 2024, bhí an tubaiste daonna is measa ar domhan ar siúl sa tSúdáin. Bhásaigh na scórtha míle básaithe ó thosaigh an chogaíocht. Dúirt na Náisiúin Aontaithe go raibh coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an duine ar bun ag an dá thaobh sa gcogadh cathartha.[4]

15 Aib. 2023 ː ghlac an RSF seilbh ar an -aerfort i gCartúm ː
Abdel Fattah al-Burhan. 2-19
Mohamed Hamdan Dagalo, 2022, i mbun an RSF

Tá an tSúdáin ar cheann de na tíortha is boichte ar domhan. Bhí timpeall €680 in aghaidh na bliana an meánphá sa bhliain 2021, Bhí 46 milliún duine ina gcónaí ann sa bhliain sin.[3]

Comhairle Ginearál a bhí i gceannas ar an tír ó bhí coup d'état ann in 2021. Ach sa bhliain 2023, bhris aighneas amach eatarthu. Bhí easaontas eatarthu go háirithe faoi ar cheart áit san arm a thabhairt don RSF, fórsa ina bhfuil 100,000 duine.[3]

Ar taobh amháin, bhí 'Arm na Súdáine' agus ar an taobh eile, grúpa paraimíleata darb ainm Na Fórsaí Mearthacaíochta, nó an RSF, Bunaíodh an RSF in 2013 agus d’eascair sé as an mílíste Janjaweed ar cuireadh cinedhíothú ina leith in Darfur. Bhí sáruithe ar chearta daonna curtha i leith sa chuid eile den tír chomh maith.[3]

I dtús 2023, bhí 100,000 duine san RSF, a bhí ag iarraidh ceannas a bhaint amach sa tír. Ach bhí easaontas idir an RSF agus an t-arm, faoi aistriú na cumhachta go dtí rialtas sibhialtach agus go háirithe faoi ar cheart áit san arm a thabhairt don RSF.[3] Bhí bunáite an airm dílis do Ghinearál Abdel Fattah al-Burhan, agus bhí Mohamed Hamdan Dagalo i mbun an RSF.[2]

Le briseadh amach na cogaíochta, baineadh an bonn de na hiarrachtaí chun an t-aistriú i dtreo rialtas daonlathach faoi stiúir sibhialtach a athbhunú. Bhí baol ann freisin maidir le díchobhsú réigiúnach.[1]

Géarchéim dhaonnúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí géarchéim dhaonnúil ann roimh an gcoimhlint. Chuaigh cúrsaí in olcas, de dheasca an aighnis. D'éirigh sábháilteacht agus slándáil mhuintir na Súdáine i mbaol faoi cheann cúpla lá, chomh maith le haontacht agus cobhsaíocht na tíre.[1]

Cuireadh tús leis an marú ar an 15 Aibreán 2003 nuair a cuireadh baill den RSF ar dualgas ar fud na tíre. Maraíodh na céadta i mí Aibreáin 2023, inar rinneadh ionsaithe sliogán ar Chartúm,[5] príomhchathair na tíre.[3]

Bhí sos comhraic 72 uair an chloig curtha i bhfeidhm ar 25 Aibreán ag an dá dhrong mhíleata a bhí in adharca a chéile.[6]

I mí Mheán Fómhair 2024, bhí 26 milliún duine i mbaol mar gheall ar an léirscrios, agus bhí 7 milliún bean agus gasúr i gcontúirt foréigean inscne-bhunaithe. Bhí 700,000 páiste faoi 5 bhliana d'aois i mbaol báis leis an ocras.

Idir Aibreán 2023 - Meán Fómhair 2024, bhí 8 milliún díbeartha as a gcuid tithe. Theith 2 mhilliún as an tír.[4]

Gortaíodh an taidhleoir Éireannach, Aidan O'Hara, Ambasadóir an Aontais Eorpaigh, nuair a ionsaíodh é ina áras cónaithe sa phríomhchathair Cartúm ar 17.18 Aib 2023.[2]

Chláraigh 150 saoránach de chuid na hÉireann sa phríomhchathair Cartúm, ar thóir cabhrach. Bhí 50 saoránach Éireannach aslonnaithe ón tSúdáin ar 23/24 Aibreán.[7]

in 2024, dúirt Mary Robinson gur mór an náire "an neamhshuim atá á léiriú ag an bpobal idirnáisiúnta" sa tSúdáin.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 consilium.europa.eu / Comhairle AE Preaseisiúint (19 Aibreán 2023). "An tSúdáin: ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir lena bhfuil tite amach le déanaí". Dáta rochtana: 2023.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2023-04-18). "Ionsaí ar thaidhleoir Éireannach sa tSúdáin cáinte" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 "Tógfaidh sé ‘roinnt laethanta eile’ Éireannaigh atá fós sa tSúdáin a aslonnú aisti" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-24.
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2024-09-09). "Gorta agus fulaingt mhillteanach sa tSúdáin - Mary Robinson" (as ga-IE). 
  5. Khartoum
  6. Nuacht RTÉ (2023-04-25). "Sos comhraic i bhfeidhm sa tSúdáin, eachtrannaigh á n-aslonnú" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2023-04-24). "'50 saoránach Éireannach aslonnaithe ón tSúdáin'-Tánaiste" (as ga). 
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy