Jump to content

Díshalannú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An gléasra díshalannaithe El Prat, áis cúlosmóise uisce farraige in aice le Barcelona, an Chatalóin.

Tugtar díshalannú[1][2] ar aon phróiseas trína bhfaightear uisce úr ón sáile. Slí amháin is ea an sáile a dhriogadh: néalaítear é, rud a chruthaíonn galuisce agus a fhágann an salann is aon ábhar tuaslagtha eile ina dhiaidh. Ansin athchomhdhlúitear an galuisce ina uisce úr. Is féidir frithosmóis a úsáid chun díshalandaithe freisin: bíonn soitheach in úsáid agus é roinnte ina dhá leath ag scannán leath-thréscaoilteach. Caidéalaítear sáile isteach i leath amháin den soitheach faoi ardbhrú, agus brúitear an t-uisce úr tríd an scannán, ag scagadh an tsalainn thuaslagtha amach as leis an scannán scagach. Is gá cuid mhaith fuinnimh a úsáid chun aon cheann de na próisis seo a chur ar siúl, agus mar sin is costasach iad. Ach in áiteanna ar Domhan a bhfuil uisce úr gann agus sáile na farraige le fáil, is é an t-aon slí chun uisce inólta a sholáthar. Úsáidtear leictreascagdhealú freisin, agus reo an oighir amach as an uisce. Táirgtear 50% d'uisce díshalandaithe an Domhain sa Mheánoirthear, agus an leath eile san Afraic, an Áise, an Astráil is na Stáit Aontaithe.[3]

  1. “díshalannú” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-08-31.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “desalination — Aistriúchán Gaeilge ar desalination (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-08-31.
  3. Hussey, Matt (2011). "Díshalandú (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 215.
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy