Fadhb neoidríonónna na Gréine
Cuma
An difríocht idir líon na neoidríonónna ba cheart a bheith á n-astú ag na próisis núicléacha a fhuinnmhíonn an Ghrian gach soicind i dtreo an Domhain agus an líon a thomhaistear ar Domhan. Thug an fisiceoir Meiriceánach Raymond Davis (1914-2006) an difríocht seo faoi deara, tar éis dó tosú ar a thurgnamh chun flosc na neoidríonónna atá ionsaitheach ar an Domhan a thomhas i 1967. Níl réiteach ar an bhfadhb seo fós agus cuid mhaith turgnaimh tomhais eile déanta ar fud an Domhain. Is dócha go mbeidh gá le hathbhreithniú ar mhionsamhlacha na Gréine is/nó nádúr an neoidríonó amach anseo.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fadhb neoidríonónna na Gréine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 252.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |