Jump to content

Liam Payne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Payne

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Liam James Payne Cuir in eagar ar Wikidata
29 Lúnasa 1993
Wolverhampton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Deireadh Fómhair 2024
31 bliana d'aois
Palermo (an Airgintín)
Siocair bháisBás tionóisceach (Titim ó airde)
Áit adhlacthaAmersham Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleitePayno Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síCity of Wolverhampton College (en) Aistrigh
St Peter's Collegiate School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol, popcheol agus popcheol
Gairmamhránaí, ealaíontóir taifeadta, amhránaí is scríbhneoir, cumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2008 –  2024
Ball de
One Direction (2010–2016) Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPopcheol agus R&G chomhaimseartha
TeangachaBéarla
GníomhaireSteve Finan O'Connor
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilCapitol Records
Columbia Records
Syco
Republic Records Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
26 Aibreán 2022Crypto Bahamas 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáirtíCheryl Cole (2016–2018)
Maya Henry (2019–2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinliampayneofficial.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm3798384 Allocine: 649542 Allmovie: an44570 TMDB.org: 1052108
Facebook: LiamPayne X: LiamPayne Instagram: liampayne Snapchat: liampayne Youtube: UCZIrDb4j3_dJf3G9jROboZQ TikTok: liampayne Soundcloud: liampayneofficial Spotify: 5pUo3fmmHT8bhCyHE52hA6 Apple Music: 366710817 Last fm: Liam+Payne Musicbrainz: 93ae8651-24ee-406c-b927-eb7cd773ae38 Songkick: 5775244 Discogs: 2508415 Allmusic: mn0002854539 Goodreads character: 123359 Deezer: 4794268 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba cheoltóir Sasanach é Liam James Payne. Rugadh é ar 29 Lúnasa 1993. Tháinig sé sa tríú háit ar an seachtú sraith de The X Factor sa bhliain 2010, agus bhí sé ina bhall den ghrúpa One Direction.

Fuair sé bás ar an 16 Deireadh Fómhair 2024. Bhí féinmharú ar a intinn aige ag an am.[1]

Payne ar an 24 Feabhra 2012 , Camchuairt Better With U
One Direction in 2012: ó chlé, Niall Horan, Liam Payne, Harry Styles, Zayn Malik and Louis Tomlinson
2015
2018
2018
2024

Rugadh Payne i Wolverhampton, Sasana, do Geoff agus Karen Payne.[2]

Bhí beirt deirfiúr níos sine ag Liam, Nicola agus Ruth, agus rugadh Liam trí seachtaine luath, agus bhí go leor fadhbanna sláinte aige dá bharr sin, nó sin a mhaígh sé níos déanaí nuair a bhí sé ag ól.

Ó bhí sé sé bliana d’aois léirigh Liam tallann cheoil ach bhí sé ag iarraidh a bheith ina reathaí Oilimpeach. Bhí sé ina bhall de Chlub Lúthchleasaíochta Wolverhampton agus Bilston. Tháinig deireadh lena aisling a bheith ina reathaí nuair a bhí sé 14 bliana d’aois nuair nach bhfuair sé áit ar fhoireann scoileanna Shasana. Ag an bpointe sin, chinn sé díriú go hiomlán ar a chuid amhránaíochta.

Bhí mac ag Liam darbh ainm Bear, a rugadh in 2017, ón gcaidreamh a bhí aige roimhe sin leis an amhránaí Cheryl, a bhí ina moltóir ar X Factor.[2]

The X Factor agus One Direction

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig One Direction chun cinn tar éis dóibh seinm ar an X Factor in 2010 agus bhí an-tóir orthu i measc daoine, déagóirí go háirithe, ar fud an domhain. Cúigréad ab ea One Direction agus ba iad Niall Horan as an Muileann gCearr, Zayn Malik, Louis Tomlinson agus Harry Styles na baill eile den ghrúpa.[3]

What Makes You Beautiful agus Story of My Life péire de na hamhráin is mó atá luaite leo.

Thosaigh Payne ar a shlí bheatha aonair tar éis do One Direction a fhógairt go raibh na baill ag dul i dtreonna difriúla in 2015.[2]

Chomh maith le hamhráin a chasadh, an-scríbhneoir amhrán ab ea Liam Payne agus chuaigh sé i gcomhar le ceoltóirí eile go minic – leithéidí Ed Sheeran, Charlie Puth and Ryan Tedder, cuir i gcás.

Thacaigh sé le heagraíochtaí carthanachta éagsúla – Ciste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí, Comic Relief agus Trekstock ina measc.

Sláinte agus bás

[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'alcólach déanta é agus galar duáin air.[4] Bhí dúlagar air chomh maith agus labhraíodh sé anois is arís chomh maith ar chúrsaí meabhairshláinte agus ar an ísle brí a thagadh air féin.[5][6] B’éigean do Liam Payne a cheolchoirmeacha a chur ar ceal in 2023.[7]

D'fhreastail Payne ar cheolchoirm le Niall Horan in Buenos Aires ar an 2 Deireadh Fómhair 2024.

Bhí an maincín Maya Henry geallta dó in 2020 (in aois a 19 bliain di ag an am). D'fhág sí Payne in 20221. Ar an 10 Deireadh Fómhair 2024, d'eisigh a dliodóirí "ordú stop agus scoir" in aghaigh Payne.[8] Bhí Payne i riocht lámh a chur ina bhás féin ag an am agus ag iarraidh an milleán a chur ar a ex-fiancé.[1]

Bhí Payne ag fanacht san óstán Casa Sur (Palermo) i mBuenos Aires le linn mhí Dheireadh Fómhair 2024. D'fhág a chailín ag an am, Kate Cassidy, Payne ina aonar ar an 13 Deireadh Fómhair, agus d'fhill sí go Florida.[9]

Ar an 15/16 Deireadh Fómhair, chuaigh Payne ar bhabhta ragairne ina sheomra san óstán, as a chrann cumhachta ar ól agus drugaí. Rinne sé scrios ar a sheomra, a bhí faoi ghlas. Ach ní raibh muintir an óstáin in ann doras a sheomra a oscailt, nó bhí eagla orthu. Chuir bainisteoir an óstáin fios ar na póilíní cúpla nóiméad sular tharla an tubaiste mar go raibh imní air faoi Payne. Léim Payne thar bhalastráid na balcóine ar an tríú hurlár den óstán ar an 16 Deireadh Fómhair 2024. Bhí sé 31 bliain d'aois.[3][10]

  1. 1.0 1.1 Entertainment Tonight (2024-10-16). "Liam Payne's Ex Maya Henry Claimed He Predicted His Early Death". 
  2. 2.0 2.1 2.2 extrag.ie (2024-10-16). "Liam Payne ó One Direction marbh ag aois 31 tar éis titim" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-10-17.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-10-17). "An popamhránaí mór le rá Liam Payne tar éis bháis" (as ga-IE). 
  4. "Liam Payne once opened up about discovering one of his kidneys wasn’t functioning properly: ‘It had scarred’" (en). The Indian Express (2024-10-17). Dáta rochtana: 2024-10-17.
  5. "Books by Liam Payne (Author of Dare to Dream)". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2024-10-17.
  6. "Take Me Home Yearbook" (en). Goodreads. Dáta rochtana: 2024-10-17.
  7. "An iar-réalta One Direction Liam Payne curtha san ospidéal" (en-GB) (2023-09-13). Dáta rochtana: 2024-10-17.
  8. San Antonio expressnews.com (2024-10-17). "Maya Henry sent Liam Payne cease and desist before his death". archive.md / expressnews.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-10-17. Dáta rochtana: 2024-10-18.
  9. Sasha Morris (2024-10-17). "Liam Payne girlfriend's tragic five-word reason why she left him alone in hotel" (en). Express.co.uk. Dáta rochtana: 2024-10-17.
  10. "Hotel called 911 about Liam Payne 'breaking the whole room' while intoxicated before his fatal fall" (en). NBC News (2024-10-17). Dáta rochtana: 2024-10-17.
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy