Linseáil
Is éard is linseáil[1] ann ná pionós báis gan triail gan chúirt, agus é curtha i gcrích ag slua gramaisce. Go coitianta, samhlaítear an téarma leis an gciníochas sna Stáit Aontaithe, agus an dóigh a mbítí ag linseáil daoine gorma ansin sna laethanta a bhí, go háirithe sna blianta 1860-1890. Go tipiciúil, chrochtaí na híobartaigh den chrann, ach ar ndóigh, is féidir linseáil a thabhairt ar dhúnmharú ar bith, ar acht is gur slua de dhaoine corraithe a rinne é.
Tá an téarma bunaithe ar shloinne an réabhlóidí Mheiriceánaigh Charles Lynch. Bhí an Loingseach seo i gceannas ar chúirt mhírialta i Virginia le linn Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá, agus é ag imirt phionóis ar na dílseoirí Meiriceánacha - is é sin, na Meiriceánaigh a bhí ag tacú le cúis Shasana in aghaidh na réabhlóidithe Meiriceánacha.
Leagan Gaeilge eile é dlí Uí Loingsigh. Seo an leagan a bhí ag Cosslett Ó Cuinn san aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar an úrscéal buachaillí bó le Federico Mediante Noceda, Peores que Lobos ("Níos measa ná na mic thíre féin" - ach is é "An Ridire Dubh" an teideal Gaeilge). Mar sin, is ionann "duine a linseáil" agus "dlí Uí Loingsigh a imirt ar dhuine".
Linseáil is ábhar don amhrán chlúiteach le hAbel Meeropol (ainm cleite: Lewis Allan), Strange Fruit, a bhí á chanadh ag Billie Holiday, an t-amhránaí cáiliúil blues, ar fud na mblianta le súil an tsaoil mhóir a tharraingt ar an gcinedheighilt i nDeisceart na Stát Aontaithe agus ar chruachás na nGormach. Tagraíonn na focail strange fruit - "toradh aisteach" - do na daoine linseáilte agus iad ar crochadh de na crainn mar a bheadh torthaí ann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): linseáil” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-24.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |