Jump to content

Luiz Inácio Lula da Silva

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLuiz Inácio Lula da Silva

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(pt) Luiz Inácio da Silva Cuir in eagar ar Wikidata
27 Deireadh Fómhair 1945
79 bliana d'aois
Caetés, An Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata
44 Uachtarán na Brasaíle
1 Eanáir 2023 – 31 Nollaig 2026
← Jair Bolsonaro
39 Uachtarán na Brasaíle
1 Eanáir 2007 – 31 Nollaig 2010
← Luiz Inácio Lula da SilvaDilma Rousseff →
38 Uachtarán na Brasaíle
1 Eanáir 2003 – 31 Nollaig 2006
← Fernando Henrique CardosoLuiz Inácio Lula da Silva →
Federal deputy of São Paulo (en) Aistrigh
1 Feabhra 1987 – 1 Feabhra 1991
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaLulism (en) Aistrigh, forásachas, left-wing populism (en) Aistrigh, sóisialachas daonlathach agus market socialism (en) Aistrigh
ReiligiúnCaitliceachas
Áit chónaithePalácio da Alvorada (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Phortaingéilis
Airde1.68 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceardchumannaí, polaiteoir, tornóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na nOibrithe (1980–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Phortaingéilis
Ghlac sé/sí páirt i
8 Lúnasa 20232023 Amazon Cooperation Treaty Organization Summit (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMaria de Lurdes da Silva (1969–1971)
Marisa Letícia Lula da Silva (1974–2017)
Rosângela Lula da Silva (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMarcos Claudio Lula da Silva
 ( Marisa Letícia Lula da Silva)
Fábio Luís Lula da Silva
 ( Marisa Letícia Lula da Silva) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAristides Inácio da Silva  agus Eurídice Ferreira de Melo
Croineolaíocht
7 Aibreán 2018-8 Samhain 2019arrest of Luiz Inácio Lula da Silva (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinlula.com.br Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1300752 FilmAffinity: 407666294 Allocine: 449958 TMDB.org: 141683
Facebook: lula X: LulaOficial Bluesky: lula.com.br Instagram: lulaoficial Telegram: LulanoTelegram LinkedIn: lulaoficial Youtube: UCvO2BExvkAbGMsTGnEnI_Ng TikTok: lulaoficial Goodreads character: 57135 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir de chuid na heite clé, iaruachtarán na Brasaíle, agus uachtarán tofa sa bhliain 2022, is ea Luiz Inácio Lula da Silva, a rugadh ar 6 Deireadh Fómhair 1945.

Tháinig Lula ar an saol ar 6 Deireadh Fómhair 1945 in oirthuaisceart thur thirim na Brasaíle. Nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois, shocraigh a mháthair teitheadh ón triomach agus ón anachain. Thug sí a muirear go cathair São Paulo: trí lá dhéag ar chúl leoraí.[1]

Lula sa pharlaimint, 1988

Ceardchumannaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Lula an chuid is mó de na 1970idí agus tús na 1980idí ag troid i gcoinne na deachtóireachta míleata, a bhí i réim ag an am sin. Agus é ina ard-rúnaí ar Cheardchumann na nOibrithe Miotail in São Bernardo do Campo, cathair thionsclaíoch i mór-réigiún São Paulo, bhí sé i gceannas ar shraith stailceanna ollmhóra a rinne dochar mór millteach d’eacnamaíocht na Brasaíle ar fad – ceann de na cúiseanna gur tháinig deireadh, sa bhliain 1985, le réimeas na nginearál.[1]

Bhunaigh Lula agus daoine eile Páirtí na nOibrithe (nó an 'PT') sa bhliain 1980. Bhí Lula ina uachtarán ar an bpáirtí ó na 1980idí ar aghaidh.[2]

Lula agus a bhean, Marisa Letícia, sa bhliain 2003

Uachtaránacht 2003-2011

[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2002, tar éis gur theip air faoi thrí, toghadh é ina uachtarán ar an mBrasaíl den chéad uair agus atoghadh é in 2006. Bhí Lula ina uachtarán ar an mBrasaíl idir an 1 Eanáir 2003 agus an 1 Eanáir 2011.

Tháinig feabhas mór millteach ar chaighdeán saoil na cosmhuintire agus na meánaicme araon.

Thug a chuid polasaithe sóisialta dhá scór milliún duine slán ón mbochtanas, tháinig deireadh leis an ocras agus tháinig fás as cuimse ar an meánaicme.[1]

Le linn do Lula a bheith i gceannas ar an mBrasaíl, tharla an scannal calaoise is mó riamh i stair na tíre sin: scéim cheannaithe vótaí a cuireadh ar bun d’fhonn a chinntiú go dtabharfadh ionadaithe páirtithe eile i gcomhrialtas Lula tacaíocht do pholasaithe Pháirtí na nOibrithe.

Shéan Lula i gcónaí go raibh sé féin ar an eolas faoin scéim sin agus cé gur cuireadh ar neamhní téarma príosúin a gearradh air cúig bliana ó shin maidir le líomhaintí eile, lean boladh na caimiléireachta é féin agus Páirtí na nOibrithe ó shin.

As oifig, 2011-2022

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Táinsíodh comharba Lula, Dilma Rousseff, ar bhealach conspóideach sa bhliain 2016 agus tháinig Jair Bolsonaro chun cinn.

Toghadh Bolsonaro in 2018 agus tá sé ina uachtarán ar an mBrasaíl ón 1 Eanáir 2019 i leith. Is é an chéad uair riamh é i stair na tíre nár atoghadh uachtarán don dara tréimhse, agus is dócha gur léargas ann féin an méid sin ar a oidhreacht.

2022ː Lula ag an Convenção Nacional do PSB

Bhuaigh Lula an toghchán uachtaránachta arís ar 31 Deireadh Fómhair 2022. D'éirigh an Lúlach ina uachtarán ar an mBrasaíl den tríú huair, in aois 77 dó ag an am.[1]

Fíorbheagán — 50.9% den vóta le hais 49.1% — a bhí idir é agus a chéile comhraic, Jair Bolsonaro, pobalóir i bhfad amach ar an eite dheis.[3] Ní raibh idir an bheirt iarrthóirí ach oiread na fríde: níos lú ná 2 mhilliún vótaí.

Ar 2 Eanáir 2023, bhí Lula insealbhaithe mar uachtarán don dara huair.

Go gairid ina dhiaidh, bunaíodh Roinn na bPobal Bundúchasach – roinn rialtais nach raibh a leithéid ann riamh cheana. Athsheoladh na scéime leasa shóisialta Bolso Família agus athsheoladh na scéime Mais Médicos (an aidhm aici líon na ndochtúirí sa Bhrasaíl a mhéadú faoi dhó).[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Alex Hijmans (31 Deireadh Fómhair 2022). "TUAIRISC ON mBRASAÍL: Lá eile ag an Lúlach agus na tinte ealaíne ag pléascadh os mo chionn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-31.
  2. "Workers' Party (Brazil)" (as en) (2022-11-01). Wikipedia. 
  3. Nuacht RTÉ (2022-10-31). "An Bhrasaíl: Lula caithréimeach, Bolsonaro ciúin" (as ga-IE). 
  4. Alex Hijmans (12 Aibreán 2023). "TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: 100 lá caite i gcumhacht ag Lula ach ní féidir le daoine picanha a cheannach fós" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-13.
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy