Jump to content

Mitraillette

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaMitraillette
Bunús
Ainmnithe in ómósfo-mheaisínghunna
Tír dhúchaisan Bheilg
Cuid debia na Bruiséile
Sonraí
Cineálceapaire, mias phrátaí agus mearbhia
Príomh-chomhábhairbaguette, sceallóga, feoil, anlann agus crudités
Dhá mhitraillettes le hanlainn "riche" agus "brésil". Liège, An Bheilg.

Is ionann mitraillette (ón bhFraincis: [mitʁajɛt], i., "fo-mheaisínghunna" ) agus ceapaire ó bhunús na Beilge. Deanta as leath-bhaguette atá líonta le feoil, sceallóga prátaí, agus rogha anlainn, ithtear mitraillettes agus iad te. Ceann de na ceapairí is coitianta i siopaí sceallóga sa Bhruiséil iad[1].

Ceaptar gur tháinig an mhitraillette ar an bhfód don chéad uair sa Bhruiséil[2], agus tá cáil orthu i bhFlóndras, sa Vallúin agus i dTuaisceart na Fraince chomh maith, ach tugtar "Sandwich Américain" ar an gcineál cheapaire seo sa Fhrainc.[3]

Cuirtear an mhitraillette thraidisiúnta le chéile leis na nithe seo a leanas ann[4]:

Is féidir sailéad a fháil sa mhitraillette chomh maith, mar shampla leitis, trátaí, nó oinniúin fhriochta.

Clúdaítear an ceapaire i bpáipéar bán agus ithtear ar an láthair é, nó faightear iad "à emporter" .i., chun tabhairt leat.

Tá rogha fairsing d'anlainn ar fáil sna siopaí sceallóga ar fud na Beilge agus is féidir aon cheann de na hanlainn a chur ar an mitraillette, ag brath ar rogha an chustaiméra. De ghnáth, cuirtear an t-anlann díreach ar an arán agus faoi na sceallóga. Uaireanta, ní chuirtear an t-anlann ar an mitraillette í fhéin ach i bpota beag plaisteach a ghabhann leis.

An mhitraillette i gcultúr an phobail sa Bheilg

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh na n-ionsaithe sceimhleithoireachta a tharla sa Bhruiséil ar an 22 Márta 2016, scaipeadh iomhánna de mhitrailllettes ar na meán shóisialta sa Bheilg agus thar lear, chun sceon na ndaoine a laghdú trí ghreann agus chun dlúthphartaíocht a léiriú.[5]

pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy