Jump to content

Mongólaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Grúpa DaonnaMongólaigh
Cineálgrúpa eitneach
Daonra iomlán10,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Mhongóilis
Creideamhan Búdachas, Ioslam, seamanachas, Ceartchreidmheach an Oirthir, an Protastúnachas, Búdachas sa Mhongóil, Tengrism (en) Aistrigh, Protastúnachas sa Mhongóil agus an Eaglais Chaitliceach sa Mhongóil
Ball dedaoine Mongólacha
EapainmMongólaigh
Tíreolaíocht
Ó dhúchasAn Bhuiriáit, An Chailmíc, Cúige Irkutsk agus Zabaykalsky Krai
StáitDaon-Phoblacht na Síne, an Mhongóil agus an Rúis
Geingeas Cán.

Sonraítear leis an ainm Móngol (Mongóilis: Mongγol) grúpa eitneach amháin nó grúpaí éagsúla eitneacha, atá lonnaithe anois den chuid is mó sa Mhongóil, sa tSín, agus sa Rúis.

Áirítear le sainmhíniú caol na Mógail chuí cheart, agus iad seo roinnte go garbh idir Mógail oirthearach agus iartharach. Sa chiall is leithne, áirítear pobal Mongólach, gach duine a labhraíonn Mongóilis, mar shampla na Cailmícigh (Béarla: Kalmyks) in oirthear na hEorpa.

Láithríodh an t-ainm "Móngol", i dtaifid na ríshliochta Tang ar dtús báire san 8ú haois, mar fine de na Shiwei (Sínis:室韦), ach ní raibh trácht air go dtí an 11ú haois i rith rialaithe na Qìdān (Sínis: 契丹; Peirsis: ختن). Tar éis titim na Ríshliochta Liáo Cháo (Sínis: 辽朝), sa bhliain 1125, tháinig na Móngail chun cinn mar an príomhthreabh i Steip na hEoráise. Mar sin féin, laghdaigh a gcogaíocht leis an Ríshliocht Jin agus na Tataraigh iad go mór. Sa 13ú haois, d'fhás sé ina scáththéarma do ghrúpa mór Mongólach agus treibheanna Tuircice aontaithe faoi riail Gheingeas Cán faoin chéannacht céanna (céannacht chultúrtha den chuid is mó).

Bunaithe ar téacsanna stairiúla Síneacha, is féidir sinsearacht na bpobal Mongólach a rianú ar ais chuig na Dōnghú (Sínis: 东胡;) , cónaidhm treibhe a bhí iontu agus iad i seilbh tailte in oirthear na Mongóile agus an Mhanchúir. Chloígh Mao Dun (Sínis: 冒顿单于,) de chuid na Xiōngnu iad, tar éis é a bheith ceaptha ina Impire sa bhliain 209 RC. Tá díospóireacht fós faoi chéannacht na Xiōngnu. Cé go n-áitíonn roinnt scoláirí gur próta-Mógail a bhí iontu, éiríonn an cheist casta go leor, mar go rianaíonn staraithe Síneacha treibheanna Tuircice áirithe ó na Xiōngnu freisin. Is féidir, áfach, na Dōnghú a lipéadú níos éasca mar próta-Mógail ós rud é go rianaíonn startha Síneachana na treibheanna agus na ríochtaí Mongólacha ina dhiaidh sin go heisiach uathu (pobail Xiānbēi den chuid is mó), cé go maíoann roinnt téacsanna stairiúla go bhfuil gaol sinsearachta measctha Xiōngnu-Dōnghú ag roinnt treibheanna (m.sh. i gcás an prota-Mongólach Qìdān).

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy