Patrice Lumumba
Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Patrice Émery Nibba Lumumba |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 2 Iúil 1925 Katakokombe (Congó na Beilge) |
Bás | 17 Eanáir 1961 35 bliana d'aois Lubumbashi (Poblacht an Chongó (Léopoldville)) |
Siocair bháis | Dúnbhású (Execution by shooting (en) ) |
Príomh-Aire Phoblacht Dhaonlathach an Chongó | |
24 Meitheamh 1960 – 14 Meán Fómhair 1960 ← luach ar iarraidh – Joseph Iléo (en) → | |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Afra-Bhrasaíleach |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, réabhlóidí |
Ball de pháirtí polaitíochta | Mouvement National Congolais (en) (1958–) Liberal Party (en) (1955–1958) |
Teangacha | An Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | Géarchéim an Chongó |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Pauline Opango (en) |
Páiste | François Lumumba (en) , Juliane Amato Lumumba (en) , Guy-Patrice Lumumba (en) , Roland Lumumba (en) |
Gradam a fuarthas
| |
|
Príomh-Aire nua an Chongó ar feadh 1960-1961 ba ea Patrice Lumumba (2 Iúil 1925 – 17 Eanáir 1961)
Teacht i dtreis agus treascairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1960, d'éirigh an Bheilg as an gCongó, agus ar an 24 Meitheamh 1960, d'éirigh Lumumba mar an chéad Phríomh-Aire ar an gCongó. Ach ag an am céanna, bhí an Bheilg agus an Bhreatain, le cabhair mhór ó na Stáit Aontaithe, i mbun oibre chun na hacmhainní luachmhara a bhí sa Chongó a choinneáil faoina smacht féin.[1]
Deich lá tar éis don Chongó neamhspleáchas a bhaint amach, bhí an cúige ba shaibhre, Katanga (áit a riabh acmhainní nádúrtha go leor ann) ag fógairt gur stát neamhspleách é faoi cheannas Mhoise Tshombe. D'iarr Rialtas an Chongó faoi Phatrice Lumumba cabhair ar na Náisiúin Aontaithe chun an tír a choimeád ina aonad. Ach ní raibh an Bheilg, an Ríocht Aontaithe agus ns Stáit Aontaithe sásta leis an iarratas. Dar leis na trí rialtas, b'ionann sin agus 'ná cuirtear isteach ar Tshombe'. Nuair a dúirt Lumumba go n-iarrfadh sé ar an Rúis teacht i gcabhair ar Rialtas an Chongó, bhí Lumumba ar an dé deiridh.
Cuireadh ráfla amach gur Cumannach a bhí in Patrice Lumumba, Príomh-Aire nua an Chongó. Sheas sé an fód ach ba bheag an mhaitheas a rinne sé. Fiú amháin Nikita Kruschev féin, nuair a mhaígh sé nach Cumannach a bhí i Lumumba, níor creideadh é.
Tugadh ordú neamhbhalbh an Príomh-Aire nua, Patrice Lumumba, a mharú. Dúirt Dwight Eisenhower, Uachtarán Mheiriceá, go raibh súil aige go dtitfeadh Lumumba isteach ‘in abhainn a bhí lán le crogaill’.
D’eagraigh na Stáit Aontaithe, tríd an CIA., ‘coup d’état’ agus gabhadh Lumumba. Tugadh ar bord eitleáin é agus céasadh arís agus arís eile é. Faoi dheireadh tugadh ar láimh dá naimhde in Katanga é – agus mharaigh scuad lámhaigh dá gcuid é ar an 17 Eanáir 1961, faoi cheannas oifigigh arm na Beilge.[1]
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh Moise Tshombe ina Phríomh-Aire ar an gCongó sa chéad dul síos. In 1965, tháinig an ceannaire Joseph Mobutu (ceannasaí an coup d’état agus an fear a thug Lumumba dá naimhde) i gcumhacht agus mhair a réimeas siúd go dtí 1997. Deirtear go raibh an ré sin ar cheann de na cinn ba bhrúidiúla agus ba fuiltí i stair Mhór-Roinn na hAfraice.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Mairéad Ní Nuadháin (29 Samhain 2024). "Scéal an Chongó agus ról an choilíneachais inste in ‘Soundtrack to a Coup d’État’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-09.