Peter Agre
Cuma
Bithcheimicí a saolaíodh i Northfield, New Hampshire, SAM is ea Peter Agre, a rugadh ar (30 Aibreán 1949 de shinsearacht Lochlannach. I 2003 bhuaigh sé Duais Nobel sa cheimic le Roderick MacKinnon as saothar taighde ar chillscannáin agus na cainéil iontu i gcomhair uisce a léiriú don chéad uair. Is ollamh ag Ollscoil Johns Hopkins é faoi láthair.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Peter Agre". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 13.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |