Quintana Roo
Quintana Roo | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Ainmnithe in ómós | Andrés Quintana Roo | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Meicsiceo | ||||
Príomhchathair | Chetumal | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,857,985 (2020) | ||||
• Dlús | 41.56 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 44,705 km² | ||||
Airde | 31 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 8 Deireadh Fómhair 1974 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil Quintana Roo | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 77 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | MX-ROO | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | qroo.gob.mx |
Is ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo é Quintana Roo, agus é suite in oirdheisceart na tíre. Is é Chetumal an phríomhchathair agus is é Cancún an chathair is mó. Bhí
1,468,469 duine ina gcónaí sa stát sa bhliain 2012.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn réimeas na Spáinneach agus luathstair Phoblacht Mheicsiceo, ba chuid de Yucatán é Quintana Roo ó thaobh rialtais de. Ní raibh ach roinnt mílte duine ina gcónaí ann go dtí am éigin san 20ú haois. D'éirigh na Máighigh, na bundúchasaigh, amach sna 1840idí—Cogadh na gCaisleán a tugadh air—agus i ndiaidh díbirt a dhéanamh ar na strainséirí uilig, cuireadh stát dá gcuid féina ar bun darbh ainm Chan Santa Cruz agus an baile Felipe Carrillo Puerto mar phríomhchathair de chineál acu.
D'fhógair an t-uachtarán Porfirio Díaz go raibh Quintana Roo ina chríoch de chuid Mheicsiceo ar an 24ú Samhain 1902. Ainmníodh an chríoch i ndiaidh Andrés Quintana Roo, tírghráthóir i luathstair Mheicsiceo. Ghlac arm Mheicsiceo seilbh ar Quintana Roo arís sna 1910idí agus cuireadh an áit isteach i stát Yucatán arís.
Thosaigh an daonra ag fás sna 1940idí, agus ar an 8ú Deireadh Fómhair 1974, rinneadh stát ar leith de. Fágann sin gurb é Quintana Roo an stát is nua de chuid Mheicsiceo. Tháinig fás agus forbairt an-mhór ina dhiaidh sin a leanann go dtí an lá inniu.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an turasóireacht bunchloch na heacnamaíochta in Quintana Roo. Cancún an baile saoire is mó sa stát. Tarraingíonn fothracha Indiacha, an aeráid, na tránna agus an dúlra fairsing na turasóirí ina sluaite ann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi thíreolaíocht Mheicsiceo é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |