Jump to content

Snagcheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Snagbhanna Butch Morris and Conduction ag seinm.

Is cineál ceoil bunaithe i gcultúr Afrai-Mheiriceánach é an snagcheol. Bíonn rithimí láidre ag snagcheol, agus seinntear é le huirlisí faoi leith – an clairinéad, an sacsafón, an trumpa, na drumaí, pianó go minic. Sa chanadh, is minic a bhíonn focail gan chiall ann, mar shampla “bipití baipití bú”.[1]

Bíonn tobchumadh le fáil go forleathan ann. Ciallaíonn sé seo nach mbíonn an ceol réamhullmhaithe ag na seinnteoirí ach cumann siad é de réir mar a théann siad ar aghaidh (ag leanúint nósanna áirithe).

Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil[2] ar an 30 Aibreán gach bliain.

Stáit Aontaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
azz Five, Féile Ringkøbing Fjord 2014

Thosaigh an snagcheol i Nua-Orleans, Stáit Aontaithe Mheiriceá timpeall na 1920idí. Bhí an-tionchar ag an gcultúr Afrai-Mheiriceánach ar an snagcheol. Dheighil an snagcheol ina chineálacha difriúla ansin. Deirtear uaireanta gurb é an snagcheol "ceol clasaiceach na Stát Aontaithe" nó "an ealaín is dúchaisí de Meiriceá."

Brian Blade, ceoltóir ó New Orleans, ag seinm drumaí

An snagcheol in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhein údaráis an raidió, agus fiú an tAire Poist & Teileagraf iarracht cinsireacht a dhéanamh ar na cineálacha ceoil a bhí á chraoladh ar an raidió ag tréimhsí éagsúla, faoi mar a deineadh nuair a reáchtáladh feachtas i gcoinne an tsnagcheoil i rith na 1930idí.[3] Léirítear sa chaint agus sa scríbhneoireacht ón am an bhéim a leagadh ar an gcoimhlint idir an chultúr ‘náisiúnta’ Éireannach agus an ‘eile’; i mórán de déantar ísliú céime den ‘eile’, sa chás seo cultúr an tsnagcheoil, rud a bhí primitíbheach, sean-fhaiseanta, mí-mhórálach, i gcomparáid le huaisleacht an chultúir náisiúnta.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foclóir a bhaineann leis an snagcheol[5]

  1. cogg.ie. "Fonn ceoil". Dáta rochtana: 2020.
  2. ""Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-30.
  3. ucc.ie. "de Mórdha, D. 2019. RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cultúr phobal na Gaeltachta". Dáta rochtana: 2020.
  4. "Down with jazz: Anti jazz campaign of the 1930's" (en). RTE.ie. Dáta rochtana: 2020-04-30.
  5. @labhair_liom. "@labhair_liom Instagram post (photo) [30/4 Bhí lá idirnáisiúnta an tsnagcheoil ar an 30ú d’Aibreán 🎷🎺🥁seo daoibh foclóir a bhaineann leis an snagcheol 🤗]" (ga). gramho.com. Dáta rochtana: 2020-04-30.[nasc briste go buan]
pFad - Phonifier reborn

Pfad - The Proxy pFad of © 2024 Garber Painting. All rights reserved.

Note: This service is not intended for secure transactions such as banking, social media, email, or purchasing. Use at your own risk. We assume no liability whatsoever for broken pages.


Alternative Proxies:

Alternative Proxy

pFad Proxy

pFad v3 Proxy

pFad v4 Proxy